Skip to content

Scéal Naomh Gobnait

by on June 3, 2013


Fadó, fadó, sa 6ú Aois, bhí cailín ann darbh ainm Gobnait. B’fhoghlaí mara é a h-athair. Deirtear gur tháinig sí i dtír i gCiarraí nuair a bhí sí ina bhean óg.

.IMG_1351<

Tháinig aingeal chuici, le rá léi gan dul ar ais ar an mbád riamh arís. Dúirt an t-aingeal léi gur cheart di fanacht agus cónaí ins an áit ina gcífeadh ‘naoi gcinn d’fhianaibh bána’ ag iníor le chéile.

2

Thosaigh sí ag taisteal ansin.Thrasnaigh sí an Abhainn Mhór agus Sléibhte an Bhogaraigh gur tháinig sí go Cluain Droichead.

.3
Is ansin a chonaic sí trí fhianna bhána agus thóg sí sos ann.
.
Lean sí uirthi go bhfaca sí sé fhianna bhána i gceantar Baile Bhuirne agus chaith sí an oíche ann.

4
An mhaidin lá arna mhárach thrasnaigh sí Abhainn an tSulláin agus dhreap sí an sliabh choille ag Gort na Tiobratan go bhfaca sí naoi bhfianna bána ag iníor le chéile. Chuir sí fúithi ann, ghlac muintir na h-áite léi agus bhunaigh sí féin agus mná eile clochar ann.
6
Thógadar teach ciorcalach as clocha agus botháin adhmad le ceann tuí orthu. Thógadar falla cloiche mar chosaint ar na tithe sin. Choimeádadar ba, caoirigh, gabhair, beacha, agus d’fhásadar a nglasraí féin ann.
7<

Rinneadar uirlisí as cré-umha agus miotal. Bhí a n-olann féin acu. Chuireadar datha air agus rinne siad fíodoireacht leis. Dúirt siad a bpaidreacha luath gach maidin agus déanach gach oíche. Thugadar aire dá gcomharsain, ach go h-áirithe na seandaoine agus éinne a bhí tinn.
Finnscéalta Naomh Gobnait; 1. Naomh Gobnait agus na Beacha
8<
Uair amhain tháinig gadaithe chun beithígh Bhaile Bhuirne a sciobadh. Bhí na beithígh aimsithe ag na gadaithe, bailithe le chéile acu agus iad réidh len iad a thiomáint siar ón mbaile. Nuair a fuair Gobnait amach, chuir sí na beacha sa tóir ar na gadaithe. D’ionsaigh na beacha iad. Gortaithe agus sciallaithe, d’éalaigh na gadaithe gan oiread is bó amháin. Tugadh gach bó agus lao thar nais chuig na daoine gurbh leo iad.
9

2. An ‘ Bulla’;
Uair amháin tháinig stróinséar go Baile Bhuirne agus chinn sé ar chaisleán a thógáil ar charraig ard ag féachaint anuas ar na daoine. Theastaigh uaidh smacht a bheith aige orthu. Bhí radharc ag Gobnait óna séipéal féin ar fallaí an chaisleáin ag árdú de réir a chéile. Ní mó ná sasta a bhí Gobnait. Chaith sí cloch chruaigh ar fhallaí an chaisleáin á leagadh go talamh. Tháinig an chloch direach ar ais chuici. Gach uair go raibh an caisleán nach mór tógtha chaith sí an chloch chéanna agus leag sí go talamh é. Faoi dheireadh bhi an lámh in uachtar ag Gobnait agus d’éirigh an stróinséar as! Tugtar Carraig an Chaisleáin ar an áit sin fós.
10
Bhí anam cara ag Gobnait darbh ainm Naomh Abbán. Bhí séipéal aige ar an dtaobh eile den chnoc uaithi. Bhíodh sé i gcónaí ann chun éisteacht léi agus comhairle a chur uirthi.
Tá Gobnait curtha i nGort na Tiobratan ar an suíomh céanna is a mbíodh a clochar ann fadó. Tá séipéal, reilig agus tobar fós ar an láthair agus téann daoine fós ar oilithreacht ann. Má théann tú riamh ar cuairt ann is féidir do lámh a chur ar an ‘mbulla’ céanna is a chaith Gobnait le fallaí an chaisleáin fadó!

Advertisements
One Comment

Trackbacks & Pingbacks

  1. Svaistice an Dóchais | CeolBaile

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

%d bloggers like this: